название:
автор:
'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar
автор:
Неизвестен
рейтинг: ★★★★★ / 5.3 / 1267 просмотров
- Текст
- Открытка с текстом
'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, Do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam, Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain, Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, Ag fógairt fáin ar Ghallaibh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, Óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh, Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh.
А как ты думаешь, о чем песня "'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar" ?