название:
автор:
Ar chonnlaigh ghlais an fhoghmhair
автор:
Неизвестен
рейтинг: ★★★★★ / 4.9 / 852 просмотра
- Текст
- Открытка с текстом
Ar chonnlaigh ghlais an fhoghmhair stóirín gur dhearc mé uaim Ba deas do chos I mbróig 'sba ró-dheas do leagan siubhail. Do ghruaidh ar dhath na rósaí 'sdo chúirníní bhí fighte dlúith Monuar gan sinn 'ár bpósadh Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail. Tá buachaillí na h-áite seo A' gartha 'gus ag éirghe teann Is lucht na gcochán árd A' deánamh fáruis do mo chailín donn Dá ngluaiseadh rí na spáinne Thar sáile 's a shlóighte cruinn Bhrúighfinn féar is fásach 's bhéinn ar láimh le mo chailín donn. Ceannacht buaibh ar aontaigh' Dá mbínn agus mo chailín donn Gluais is tar a chéad-searc Nó go dtéidh muid thar ghaoth-bearra 'nonn Go sgartar ó n-a chéile Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn Ní sgarfar sin ó chéile 's níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn. Chuir mé leitir scríobhtha Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar Chuir sí chugam arís í Go rabh a croidhe istuigh I lár mo chléibh. [bad word] na h-eala is míne Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan Nach trom an osna ghním-se Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi. 'sé chuala m/e dé domhnaigh Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh Ar óigfhear dá bhfuil san áit. stóirín glac mo chomhairle 's a' foghmhar seo fan mar tá 's cha leigim le 'bhfuil beo thú stór nó 's tú mo ghrádh.
А как ты думаешь, о чем песня "Ar chonnlaigh ghlais an fhoghmhair" ?