название:
автор:
Nil Se Ina La (Nil Se'n La)
автор:
Clannad
рейтинг: ★★★★★ / 5 / 955 просмотров
- Текст
- Открытка с текстом
Chuaigh mé isteach i dteach aréir is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna. Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor. Buail an bóthar is gabh abhaile." Curfá: Níl sé ina lá, níl a ghrá, níl sé ina lá is ní bheidh go maidin, níl sé ina lá is ní bheidh go fóill, solas ard atá sa ghealaigh Chuir mé féin mo lámh i mo phóca is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi. Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord is bí ag ól anseo go maidin. Curfá. Éirigh i do shuí, a fhear an tí, cuir ort do bhrístí is do hata go gcoinne tú ceol leis an duine cóir a bheas ag ól anseo go maidin. Curfá. Nach mise féin an fear gan chéill a d'fhág mo chíos in mo scornaigh? D'fhág mé léan orm féin is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.
А как ты думаешь, о чем песня "Nil Se Ina La (Nil Se'n La)" ?